Imirce. D’imigh sé go hAlbain go Drumfries leis an Agricultural. Bhí a athair leis agus cuireadh é féin agus a athair amach le chéile. Bhí sé ansin mí agus thit sé amach leis an feirmeoir. B’éigean daofa cead a fháil ó na péas le imeacht go Dún Éideann, bhí siad ag dul a fháil £ 5 ansin, ní raibh siad ag fáil ach £3 san áit a raibh siad.
Anonn ar bhád Dhoire a chuaigh siad, bhí eallach uirthi fosta. Sa tsamhradh bhí sí glanta suas, bhíodh stólta istigh san áit a mbíodh an t-eallach an chuid eile den am. Bhíodh moll daoine tinn uirthi i gcónaí. Bhíodh sí garbh go leor in amanna, ghlacadh an turas thart ar 14 uair an chloig. Thosaigh Stranraer ina dhiaidh sin.
D’fhág sé féin agus a athair agus d’imigh siad suas go Dún Éideann ach ní raibh an pá iontach maith. Feirm Co-operative a bhí ann agus ní raibh siad ag fáil sa tsamhradh ach £4. Rinne siad bliain amháin agus d’fhág siad. Chuaigh siad go Kelso. Sa deireadh fuair siad obair ar fheirm agus bhí daoine as Gaoth Dobhair ansin fosta. Sin 1944 agus bhí an cogadh ar siúl. Díoladh amach i ndiaidh an fhómhair é agus fuair sé an bus go Dunbar. Casadh cúpla fear eile as an bhaile air agus lig siad do stopadh sa bhotaí leo agus obair phreátaí a bhí ansin. Tháinig an athair ansin fosta. Bhí mná ansin agus iad ag goid phreátaí. Thosaíodh an obair sin luath ar maidin, thart ar 7 a chlog. An obair a bhí le déanamh aige. Bhí príosúnaigh cogaidh ansin fosta, Gearmánaigh a bhí iontu. Bhí siad ag stopadh i gcampa áit inteacht agus leoga ní raibh siad ag fáil mórán le hithe.
Bhí siad anonn agus anall na bhaile san am nó chuirtí san airm iad dá mbíodh siad thall 2 bhliain. Níor buaireadh leo ariamh ach bhí go leor a bhí ar a seachnadh agus a theith. | 00:15:26 | |